Maryland Clár ábhair Tíreolaíocht | Contaetha i Maryland | Aeráid | Stair | Déimeagrafaic | Geilleagar | Iompar | Dlí agus rialtas | Oideachas | Spóirt | Tagairtí | Naisc sheachtracha | Roghchlár nascleanúnawww.maryland.govMaryland.govaCuir leis
Pages using ISBN magic linksSíolta tíreolaíochta SAMStáit Aontaithe MheiriceáStáit MheiriceáMarylandAppalachiaStáit in Appalachia
Stáit Aontaithe MheiriceáAIFRéigiún an Lár-AtlantaighPennsylvaniaVirginia ThiarDelawareAigéan AtlantachVirginiaWashington, D.C.Bunreacht Mheiriceásaoirse reiligiúnachGeorge CalvertAnnapolisBaltimoreHenrietta MariaMhuireÍosaBeilgeHaváítopagrafaíochtaChesapeakePíodmantachSléibhte ApaláiseachaMississippiChontae GarrettSliabh Chnámh DromaPotomac
Maryland
Jump to navigation
Jump to search
| |||||
Leasainm: Old Line State; Free State | |||||
Príomhchathair | Annapolis | ||||
An chathair is mó | Baltimore | ||||
Gobharnóir | Larry Hogan (P) | ||||
Teangacha oifigiúla | Níl aon cheann ann | ||||
Achar | 32,133.2 km² (42ú) | ||||
- Talamh | 25,406 km² | ||||
- Uisce | 6,754 km² (21.0%) | ||||
Daonra (2017) | |||||
- Daonra | daonra_2017 (19ú) | ||||
- Dlús daonra | dlús_daonra_2017 /km² (5ú) | ||||
Iontráil san Aontas | |||||
- Dáta | 28 Aibreán, 1788 | ||||
- Ord | 7ú | ||||
Crios ama | UTC -5/-4 | ||||
Domhanleithead | 37°53'N to 39°43'N | ||||
Domhanfhad | 75°4'W to 79°33'W | ||||
Leithead | 145 km | ||||
Fad | 400 km | ||||
Airde | |||||
- An airde is mó | 1,024 m | ||||
- Meánairde | 105 m | ||||
- An airde is lú | 0 m | ||||
Giorrúcháin | MD, US-MD | ||||
Láithreán Gréasáin | www.maryland.gov |
Stát i Stáit Aontaithe Mheiriceá is ea Maryland (AIF: [ˈmæɹ.ɪ.lənd]) atá suite i lár chósta thoir na tíre, i Réigiún an Lár-Atlantaigh. Tá teorainneacha ag Maryland le Pennsylvania ar an taobh ó thuaidh, le Virginia Thiar ar an taobh thiar, le Delaware agus leis an Aigéan Atlantach ar an taobh thoir agus le Virginia ar an taobh ó dheas. Tá teorainn aige freisin leis an gceantar feidearálach Washington, D.C. arb í príomhchathair na tíre í. Ba le Maryland an talamh sin go stairiúil. Ba é Maryland an seachtú stát a dhaingnigh Bunreacht Mheiriceá. Uaireanta, tugtar mar leasainmneacha air The Old Line State agus The Free State.
Ba é Maryland an chéad áit i Meiriceá ina raibh an tsaoirse reiligiúnach[1][2][3], prionsabal a tugadh isteach i dtréimhse choilíneach an stáit. Shocraigh George Calvert[2][3], an chéad Tiarna Baltimore, go mbeadh Maryland ina thearmann do Chaitlicigh Shasanacha a bhí faoi ghéarleanúint.
Is é Maryland ceann de na stáit is lú achar agus is dlúithe daonra sna Stáit Aontaithe. Is í Annapolis príomhchathair an stáit ach is í Baltimore an chathair is mó. Cé go maítear go hoifigiúil gur ainmníodh an stát in ómós don Bhanríon Henrietta Maria[4], creideann go leor staraithe gur in ómós do Mhuire, máthair Íosa, a d'ainmnigh George Calvert i ndáiríre é sular bhásaigh sé in 1632.[5] Is é Maryland an stát is rachmasaí sa tír, óir is ann atá an meánioncam teaghlaigh is airde.[6]
Clár ábhair
1 Tíreolaíocht
2 Contaetha i Maryland
3 Aeráid
4 Stair
5 Déimeagrafaic
6 Geilleagar
7 Iompar
8 Dlí agus rialtas
9 Oideachas
10 Spóirt
11 Tagairtí
12 Naisc sheachtracha
Tíreolaíocht |
32,133.2 ciliméadar cearnach achar Maryland, figiúr is inchomparáide le hachar na Beilge (30,530 km2). Is é an 42ú stát is mó, nó an 9ú stát is lú, beagnach ar cóimhéid le Haváí.
Cé go bhfuil Maryland ar na stáit is lú achar, tá ilghnéitheacht topagrafaíochta agus réimse leathan timpeallachtaí nádúrtha le fáil ann. Tugtar 'Mionsamhail Mheiriceá' nó America in Miniature[7] mar leasainm eile air dá bharr. Tá oileáin fhada chúnga cois cósta agus dumhcha breactha le féar mara. Tá talamh íseal riascach isteach faoin tír agus mórthimpeall an Chesapeake, ceantar atá ag cur thar maoil le fiadhúlra. Is é an Chesapeake an t-inbhear is mó sa tír agus is beag nach ngearrann sé an stát ina dhá leath. The Eastern Shore a thugtar ar na contaetha sin lastoir den bhá. Is ar bhruach thiar na bá atá formhór mór an daonra. I lár an stáit, tá coillte darach agus talamh réchnocach sa réigiún a dtugtar an Píodmantach air. Tá iarthar an stáit lonnaithe sna Sléibhte Apaláiseacha.
Ritheann formhór mór na n-aibhneacha sa stát síos go dtí an Chesapeake, ach is i ndobhardhroim na Mississippi atá cuid d'iarthar Chontae Garrett, an contae is sia siar sa stát. Tá an pointe in airde sa stát, Sliabh Chnámh Droma nó Backbone Mountain, lonnaithe i gcúinne iardheiscirt Chontae Garrett chomh maith, gar d'uiscí uachtair na Potomac.
Contaetha i Maryland |
Aeráid |
Stair |
Déimeagrafaic |
Geilleagar |
Iompar |
Dlí agus rialtas |
Oideachas |
Spóirt |
Tagairtí |
↑ "Religious Freedom Byway Would Recognize Maryland's Historic Role", Megan Greenwell, Washington Post, Thursday, August 21, 2008 http://www.washingtonpost.com/wp-dyn/content/article/2008/08/15/AR2008081504104.html
↑ 2.02.1 "George Calvert and Cecilius Calvert, Barons Baltimore" William Hand Browne, Nabu Press (August 1, 2010), ISBN 117662539X ISBN 978-1176625396
↑ 3.03.1 "Reconstructing the Brick Chapel of 1667" Page 1, See section entitled "The Birthplace of Religious Freedom" http://stmaryscity.org/wp-content/uploads/2013/07/Chapel-Reconstruction.pdf
↑ "Maryland's Name". Catholic History of Maryland. Simon & Schuster. Retrieved July 20, 2012.
↑ Manual, State of Maryland. 1900.
↑ "State Median Household Income Patterns: 1990–2010". U.S. Census Bureau. Retrieved August 6, 2012.
↑ "Maryland Facts". Kids Room. Maryland Office of Tourism. Archived from the original on April 26, 2008. Retrieved May 19, 2008.
Naisc sheachtracha |
Maryland.gov - Suíomh idirlín oifigiúil.
Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
---|---|---|---|
|
Catagóirí:
- Pages using ISBN magic links
- Síolta tíreolaíochta SAM
- Stáit Aontaithe Mheiriceá
- Stáit Mheiriceá
- Maryland
- Appalachia
- Stáit in Appalachia
(window.RLQ=window.RLQ||[]).push(function()mw.config.set("wgPageParseReport":"limitreport":"cputime":"0.160","walltime":"0.212","ppvisitednodes":"value":818,"limit":1000000,"ppgeneratednodes":"value":0,"limit":1500000,"postexpandincludesize":"value":39505,"limit":2097152,"templateargumentsize":"value":21301,"limit":2097152,"expansiondepth":"value":12,"limit":40,"expensivefunctioncount":"value":0,"limit":500,"unstrip-depth":"value":0,"limit":20,"unstrip-size":"value":3221,"limit":5000000,"entityaccesscount":"value":0,"limit":400,"timingprofile":["100.00% 82.499 1 -total"," 59.84% 49.371 1 Teimpléad:Maryland"," 31.49% 25.979 1 Teimpléad:Navbox"," 10.78% 8.896 1 Teimpléad:Navbar"," 7.50% 6.186 1 Teimpléad:Bosca_Sonraí_Stáit_S.A."," 3.44% 2.839 3 Teimpléad:Transclude"," 3.36% 2.773 1 Teimpléad:Síol-tír-us"," 3.32% 2.742 1 Teimpléad:Stáit_Aontaithe_Mheiriceá"],"cachereport":"origin":"mw1331","timestamp":"20190322164304","ttl":2592000,"transientcontent":false););"@context":"https://schema.org","@type":"Article","name":"Maryland","url":"https://ga.wikipedia.org/wiki/Maryland","sameAs":"http://www.wikidata.org/entity/Q1391","mainEntity":"http://www.wikidata.org/entity/Q1391","author":"@type":"Organization","name":"Contributors to Wikimedia projects","publisher":"@type":"Organization","name":"Wikimedia Foundation, Inc.","logo":"@type":"ImageObject","url":"https://www.wikimedia.org/static/images/wmf-hor-googpub.png","datePublished":"2006-02-27T14:13:50Z","dateModified":"2017-12-09T00:03:49Z","image":"https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/a/a0/Flag_of_Maryland.svg"(window.RLQ=window.RLQ||[]).push(function()mw.config.set("wgBackendResponseTime":173,"wgHostname":"mw1265"););